(Íoslódáil an aip Ponder san aipmhargadh trí Ponder Mobile a chuardach nó trí chliceáil anseo.)
Logáil isteach
Nuair a osclaíonn tú an aip Ponder ar dtús, iarrfar ort logail isteach. Más rud é gur úsáid tú Ponder cheana ní bheidh ort ach d'ainm úsáideora agus do phasfhocal a chur isteach agus tapáil ar "Log In." Más mian leat Google a usáid le logáil isteach, tapáil ar a gcnaipe "Log in with Google".
Fotha Gníomhaíochta
I ndiaidh duit logáil isteach, feicfidh tú an fotha gníomhaíochta, a leiríonn na cáipéisí atá á bple ag do chomhscoláirí.
Tá ainm an ranga sa lár ar barr, agus má tá tú i do bhall de bhreis agus rang amháin, is féidir leat do mhéar a chur ar an ainm chun malartú idir na fotha gníomhaíochta do gach ceann.
Each document discussion is captured in a nugget, like this:
Má leagann tú do mhéar ar ailt aonair tógfar chuig an alt tú i mbrabhsálaí.
Freagraí Ponder a Chruthú
Ar alt, istigh san aip Ponder, nó i Safari, roghnaigh roinnt téacs (chomh fada leis an teorainn 200 carachtar), ansin leag do mhéar ar chnaipe roinnte an bhrabhsálaí (), atá ag barr nó bun an scáileáin. Mura bhfuil sé infheicthe, scrollaigh an leathanach chun é a chur ar taispeáint.
NÍ hIONANN é seo agus an cnaipe roinnte rogha, nach n-oibreoidh.
Taispeánfar an roghchlár roinnte:
Scrollaigh trí na deilbhíní ar an gcéad ró chun P () a aimsiú.
An chéad uair a roinneann tú le Ponder, ni bheidh an cnaipe infheicthe, mar sin leag do mhéar ar an gcnaipe More (), agus ansin cumasaigh Ponder (glas) ar an liosta a thaispeántar:
Nuair a thapálann tu cnaipe roinnte Ponder (), taispeánfar an comhéadan bosca freagraí Ponder duit chun an tseintimint a roghnú le do thuairim faoin rogha téacs a fhrámú agus a rangú.
Is féidir leat tapáil ar an gcnaipe do thuilleadh sonraí () chun tuilleadh sonraí a thabhairt.
Is féidir leat tapail ar an gcnaipe téamaí () chun an tuairim a thagáil le téamaí ranga atá cumraithe ag do mhúinteoir.
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe Submit, cuirfear do fhreagra le fotha gníomhaíochta an ranga, agus beidh sé infheicthe dod' chomhscoláirí!
Roghchlár Aipe
Ón bhfotha gníomhaíochta is feidir leat an cnaipe a thapáil ar barr ar chlé chun an roghchlár aipe a rochtain. Tugann an roghchlár rochtain duit ar leathanaigh do logáil isteach/logáil amach, Cabhair agus Eolas Fúinn.
Comments