Eispéireas Leitheoireachta Nua Ponder

Cuireann Ponder áit ar fáil chun do smaointe faoi do léitheoireacht a bhailiú agus a chomhroinnt, ach cad is feidir a dhéanamh nuair atá an-chuid smaointe bailithe agat faoi phiosa ar leith? Fiú le deicheanna de fhreagraí ar leathanach amháin, is féidir leis a bheith iomarcach, mar sin tá roinnt uirlisí curtha isteach againn chun é a dhéanamh níos éasca nascleanúint leo.

Is breá linn ár dticmharcanna agus an forléargas tapa a thugann siad duit, mar sin feicfidh tú iad sa ghnáth-áit ar an taobh dheis den fhuinneog. Mar a bhí cheana, tá ticmharc amháin in aghaidh gach sleachta a spreag freagra amháin ar a laghad, agus tá na dathanna ag teacht le cineál na seintiminte.  Gheobhaidh tú amach freisin go bhfuil gach rogha folínithe sa leathanach, mar sin feicfidh tú iad agus beidh tú ábalta freagairt dóibh de réir mar atá tú ag léamh.

 

 

Taobh-bharra Ponder

Mar a bhí roimhe, ma chliceálann tú ar thicmharc nó folíne déanfar d'fhuinneog a scrollú chuig an áit ina bhfuil an téacs sa doiciméad a bhaineann leis, ach freisin leathnóidh sé amach an taobh-bharra Ponder, áit a bhfuil na huirlisí nua athbhreithnithe lonnaithe. (Mas gá duit an taobh-bharra a dhúnadh, ní gá duit ach cliceáil áit ar bith lasmuigh den taoobh-bharra.)

Sa taobh-bharra, feicfidh tú liosta de na sleachta go léir ó do ghrúpaí. Cosúil le d'fhotha, cruinnítear na freagraí go léir do shliocht ar leith le chéile i "gcnapóg".  Nuair a osclaíonn an taobh-bharra, beidh an chnapóg don ticmharc a chiceáil tú aibhsithe.

Struchtúr Cnapóige

Léiríonn an chnapóg seintimint an úsáideora a rinne an chéad fhreagairt ar an sliocht sin, sa chás seo, tá meas ag badtz ar dheaslabharthacht an ráitis "Níl suim againn i scoláirí díreach ag piocadh freagra, ach ag cosaint na bhfreagraí" ("We are not interested in students just picking an answer, but justifying the answers.").

 

Ag an mbun, is feidir leat a fheiceáil gur fhreagair úsáideoir amhain eile do bharúil Badtz, agus ansin bosca glas le huimhir 1 agus bosca buí le huimhir 1. Léiríonn gach bosca lion na bhfreagraí le gach cineál seintiminte. Sa chás seo, ba bharúil ghlas/anailiseach í freagra Badtz. Ma chiceáiltear ar an gcomhartha focalbhá nochtaítear sonraí an fhreagra buí/cognaíoch.

Freagairt do fheagraí agus iad a bhaint

Ma chuireann tú an luchóg os cionn na cnapóige tá an rogha agat do fhreagra féin a chur leis an sliocht seo (Freagra/Nuashonrú), nó é a bhaint (an X).

Sórtáil agus Scagadh

Ach cad a tharlaionn má tá cnuasach de fhreagraí ann?  Chuireamar an áis isteach chun sórtáil agus scagadh a dhéanamh le go mbeidh sé níos éasca freagraí a athbhreithniú.  Ag baint úsáide as na roghchláir anuas ag an mbarr, is féidir leat scagadh a dhéanamh de réir ghrúpa, freagróra, seintiminte agus téama.

Ligeann an chéad roghchlár anuas duit na freagraí a scagadh de réir ghrúpa; mar shampla, ionas gur féidir le múinteoir rannóg amháin a fheiceáil ag an am.

Ar mhaith leat díreach do fhreagraí féin a fheiceáil, nó iad siúd ó scoláire ar leith?  Taispéanann an dara roghchlár anuas gach freagróir, sórtáilte de réir líon na bhfreagraí a chruthaigh siad.

Taispeánann an tríú roghchlár anuas an meascán de sheintimintí a úsáideadh sna freagraí, sórtáilte de réir minicíochta, agus ligeann sé duit scagadh dóibh. 

Agus taispeánann an ceathrú roghchlár anuas na téamaí a úsáideadh sna freagraí ar an doiciméad:

Oibríonn na scagairí le chéile agus déanann said scagadh ar a chéile; mar shampla, nuair a scagann tú do ghrúpa ar leith, ní áireoidh na scagairí eile ach amháin na húsáideoirí, na seintimintí agus na téamaí ar ghníomhaíocht don ghrúpa sin.

Mar chríoch, faoi bhun na scagairí tá an roghchlár anuas sórtála.

  • Le # Freagraí (# of Replies) sórtáiltear na cnapóga de réir líon na bhfreagraí a tharla ar gach ceann díobh.
  • Le # Téamaí (# of Themes) sórtáiltear na sleachta go léir de réir líon na dtéamaí a tagadh le gach ceann díobh.
  • Le Conspóid (Controversy) sórtáiltear na sleachta de réir mhéid an easaontais bunaithe ar sheintimint agus usaid na gcinálacha seintiminte ar gach ceann díobh.
  • Le Nuasohnraithe is Déanaí (Last Updated) taispeántar na cnapóga is déanaí a nuashonraíodh ar dtús.

 

Have more questions? Submit a request

Comments