Féachaint Chriticiúil: Físeáin a Chorprú i do Cheachtanna le Ponder

Agus téacsanna á léamh acu, roghnaíonn léitheoirí Ponder téacs le micreafhreagraí a chruthú air; d'fhíseáin, cruthaíonn breathnóirí micreafhreagraí feadh amlíne an fhíseáin.

Mar shampla, ag 2 nóiméad agus 40 soicind d'óráid um Staid an Aontais de chuid Obama in 2015, nuair a dhéanann an tUachtarán Obama tagairt do na buntáistí a bhaineann le comhaontú saorthrádála an Aigéin Chiúin, d'fhéadfadh scoláire freagairt a chruthú ag baint úsáide as an tseintimint "Tá samplaí de dhíth orm." Ceist réasúnta is ea í seo, agus rud éigin le plé sa rang. Le Ponder, de réir mar a chuireann scoláirí ceisteanna, bailíonn siad feadh na hamlíne agus mar sin is féidir leat a fhieceáil go tapa cad iad na cnuasaigh de shaincheisteanna dathchódaithe ata ann don phlé agus obair leantach.

 

 

Ach mar bhreathnóir nó theagascóir, b'fhéidir go n-iarrfá "An gcruthaíonn tú an fhreagairt agus an físeán á sheinnt? An ndéanann tú an físeán a chur ar sos? Conas go baileach a oibreoidh sé seo?"

Agus forbairt, fréamhshamhaltú agus obair le fócasghrúpa á dhéanamh againn ar an bhfeidhmiúlacht seo, bhí orainn deileáil leis an saincheist chéanna seo. Murab ionann agus léitheoireacht, níl smacht agat ar an luas lena thaispeántar an físeán chugat - seinneann sé leis. Níl aon chur ar sos ar feadh tamaillín, gabháil siar, athléamh, atosú - is féidir leat sos a chur, ach tá neart cliceála agus léime ann chun iarracht a dhéanamh athsmaoineamh nauir a bhíonn físeán ag seinm. Rud a chiallaíonn freisin go bhfuil sé deacair nótaí a dhéanamh duit féin nó ceisteanna a chur.

Mar sin, chomh maith leis an deis a chur ar fáil le freagraí a chruthú feadh amlíne físeáin, chuireamar roinnt uirlisí breise nascleanúna físeáin isteach, agus sreabhadh oibre molta le dul leo.

Is í an chéad uirlis nascleanúna ná an cnaipe "Céard!?" - nuair a chliceáltar air léimeann an físeán siar 10 soicind gan sos. Tá sé sin le húsáid má chailleann tú rud éigin gur mhaith leat a chloisint arís go tapa. Is í an dara huirlis an cnaipe "" atá cosúil, dar linn, le filleadh cluasach a chur ar leathanach leabhair fhisiciúil agus tú ag léamh. Uaireanta déanann tú é toisc go gcaithfidh tú stopadh ar feadh tamaill, uaireanta is mian leat dul siar, uaireanta is mian leat nóta a dhéanamh nios déanaí, etc.

Léirií gar-amhairc den nascleanúint ón ngabháil scáileáin thuas:

Simplí go leor, nach bhfuil? Tacaíonn na huirlisí seo le samhail dhá-amharc d'ábhar físeán a oibríonn go maith, dar linn. 

Breathnaigh ar an bhfíseán ina iomlaine ar dtús, gan iarracht a dhéanamh ar nótaí no micreafhreagraí a dhéanamh. Bain úsáid as an gcnaipe "Céard!?" nuair is gá duit, agus nuair a thugann tú rud éigin faoi deara, nó má chuireann rud éigin as duit, nó má chuireann rud éigin ag miongháire tú, cliceáil ar an gcnaipe

Nuair atá tú críochnaithe ag breathnú, beidh tuairim réasúnta maith agat faoin ábhar, agus beidh rian fágtha agat de of anna feadh amlíne an fhíseáin. Ligeann na cnaipí  duit léim ó  amháin go dtí an chéad cheann eile tríd an bhfíseán. Is féidir leat athbhreathnú a dhéanamh nó, má choinníonn tú an físeán ar sos, anois toisc go raibh nóiméad agat chun do smaointe a chur le chéile, leanúint ar do  agus micre-fhreagra a chruthú ag an suíomh sin.

De ghnáth féachfaidh tú ar an bhfíseán ina iomláine arís, go minic níos mó ná sin. 

Mar thoradh air seo, tá fealsúnuithe ar fud an domhain ag machnamh "Cé chomh fada agus a thógann sé le breathnú ar fhíseán 10 nóiméad?"

 

Gníomhaíocht Scagtha

Os cionn na hamlíne, faoi bhun an fhíseáin, feicfidh tú sraith de roghchláir anuas a bhaineann leis an ngníomhaíocht ar an bhfíseán.

Ligeann an chéad roghchlár anuas duit na freagraí a scagadh de réir ghrúpa; mar shampla, sa chaoi is gur féidir le múinteoir cuid amháin nó tréimhse amháin de chúrsa atá á mh uineadh acu a fheiceáil ag an am. Léiríonn na huimhreacha idir lúibíní lion na bhfreagraí a chruthaigh an grúpa sin.

Ponder Video Group Filter Menu

Ar mhaith leat díreach do fhreagraí féin a fheiceáil, nó na cinn ó scoláire ar leith? Sa dara roghchlár anuas, taispeántar gach freagróir, sórtáilte de réir líon na bhfreagraí a chruthaigh siad a léirítear idir lúibíní in aice le gach ainm úsáideora.

Ponder Video User Filter

Sa tríú roghchlár anuas taispeántar an meascán de sheintimintí á úsaidtear sna freagraí, iad sórtáilte de réir minicíochta (léirithe idir lúibíní), agus ligtear duit iad a scagadh dóibh.

Ponder Video Sentiment Filter

Agus sa cheathrú roghchlár anuas, taispeántar na téamaí a úsáidtear sna freagraí ar an doiciméad, sórtáilte de réir minicíochta léirithe idir lúibíní:

Ponder Video Theme Filter

Mar is féidir leat a fheiceáil, tá cuid mhaith de chumhacht Ponder ar a bhfuil taithí agat agus tú ag nascleanúint tahr dhoiciméid ar fáil anois do mhionscagadh ar fhíséan amháin.

Agus ná déan dearmad, tá na hacmhainní seo go leir ar fáil duit do chomhthathú saincheaptha ar d'ardán tríd an AIP Ponder.

 

Have more questions? Submit a request

Comments