Is múinteoir staidéar sóisialta é John i gCathair Nua Eabhrac a úsáideann Ponder lena scoláirí. Tá tuilleadh cur síos ar Ponder ar fáil sna hagallaimh seo: http://ponder.co/#interviews.
Do mhodúl John maidir le Bunreacht na Stát Aontaithe, cuireann sé isteach naisc le léamha bunaidh maidir leis an gconradh sóisialta, cearta nádúrtha agus bunreachtúlacht ina shuíomh greasain ranga agus tugann sé mar obair bhaile iad. Tá an t-eispéireas léitheoireachta seo á thacú go héadrom ag seirbhís ar a dtugtar Ponder. Agus iad ag léamh, iarrtar ar scoláirí léargais a asbhaint ón téacs isteach go “freagairtí micrea-léitheoireachta” Ponder.
Nuair a dhéanann said roghnú téacs le comhroinnt leis an rang, sannann siad ceann de sheintimintí réamh-shainithe Ponder chun a mhíniú cén fáth a roghnaigh said an sliocht áirithe sin a aibhsiú (Tá mearbhall orm. Tá amhras orm. Tá iontas orm.) agus ansin roghnaíonn said clibeanna téama chun a chur in iúl cén coincheapa cúrsa lena mbaineann sé (Seo sampla de ‘Cheart Diaga’.) Tá an rogha ag scoláirí freisin tuilleadh eolais a thabhairt faoina micreafhreagra i scríbhinn. “Is cosúil go bhfuil toimhde na mBunaitheoirí maidir le cearta nádúrtha ró-shimplí toisc…” Comhroinntear micreafhreagraí na scoláirí chuig fotha gníomhaíochta príobháideach don rang.
Tugann struchtúr na micreafhreagraí treoir do na scoláirí chun grinnléitheoireacht a spreagadh agus, nuair a chomhroinntear iad go carnach le John, tugann siad léargas dó ar cé chomh maith agus atá ag éirí lena scolairí leis an ábhar. Murab ionann agus freagairtí léitheoireachta traidisiúnta, áfach, áit a dtógfadh sé ar a laghad uair an chloig le hathbhreithniú a dhéanamh ar gach saothar ó 30+ scolaire, déanann Ponder na micreafhreagraí a charnadh de réir na cineálacha seintiminte (cognaíoch/anailíseach/mothúchánach). Tá gach cineál dathchódaithe, rud a chuireann ar chumas John an leathanach doiciméid é féin a oscailt agus teasléaráid déine a fheiceáil de cén ait agus conas a d'fhreagair scoláirí don téacs.
Roimh an rang, sainaithníonn sé rogha de chúpla sliocht a d'aibhsigh na scoláirí le húsáid chun an plé a thiomáint nuair a thagann na scoláirí, ag baint úsáide as an ngné réalta chun iad a tharraingt amach go liosta ar leith ar fhotha gníomhaiochta an ranga.
Nuair atá sé sásta go dtuigtear an bhunteoiric, tógann John sampla ar leith isteach. Chun cuma phraiticiúil a chur ar theoiric bhunreachtúil, tógann John an rang ag tumadh go domhain isteach i ndlíthe pianbhreith éigeantach íosta trí mhicrea-fhreagraí dá chuid féin a chruthú ar théacsanna a léiríonn tuairimí contráilte faoin bpolasaí. Déanfaidh a scoláirí tuilleadh taighde ar an topaic seo leo fein, glacfaidh siad seasamh agus scríobhfaidh siad aiste aighneasach. Toisc nach bhfuil i Ponder ach forlíontán do bhrabhsálaí, oibríonn sé ar leathanach gréasáin ar bith agus ar aon fhíséan a ndéanann scoláirí bhrabhsáil chuige. Ciallaíonn sé sin, le linn a dtaighde aonair chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ábhar, agus naisc á leanúint acu chuig na doicimeid bhunaidh, ag cuardach ar an leabharlann nó ar an ngréasán, taistealaionn Ponder leo. Cruthaíonn siad micreafhreagraí cibé áit a théann siad chun samplaí agus smaointe a bhailiú dóibh fein agus dá gcomhscoláirí de réir mar a thosaíonn said ag múnlú a dtráchtas.
Le linn na hoibre seo, ag baint úsáide as néalta sonraí Ponder, is feidir le John taighde na scoláirí a scagadh go tapa de réir téama, seintiminte, foinse nó topaice, don rang iomlán nó do scolairí aonair. Tá sé seo úsáideach, ní hamháin chun freagairtí a bhailiú i dtaca le smaoineamh ar leith (e.g. sábháilteacht phoiblí, próifíliú ciníoch, mileatú, etc) ach freisin chun leithead agus doimhne a dtaighde a léiriú do na scoláirí. Cén téamaí a bhfuil neamhaird á dhéanamh orthu? An bhfuil siad ag brath an-iomarca ar fhoinse amháin? Fuair John amach i gceann dá thascanna luatha gur bheagán scoláirí a bhí ag dul níos faide ná an New York Times mar fhoinse, agus bhí sé ábalta a thaispeáint dóibh, ag baint úsáide as néal suímh Ponder go raibh léitheoireacht uile an ranga, beagnach, á dhéanamh ar nytimes.com.
Chun tosú ar Ponder ar dtús, bunaionn an teagascóir rang ar shuíomh gréasáin Ponder, suiteálann siad an forlíontán Ponder ina mbrabhsálaí, agus baineann said úsáid as an nasc cuiridh uathúil chun scoláirí a chur leis. Nuair a logálann scoláirí isteach, tugtar nod dóibh an forliontán a shuiteáil agus ansin cuirtear go huathoibríoch iad leis an rang ceart. Agus é/í mar bhall de rang, is féidir leis an scoláire micre-fhreagraí a chomhroinnt leis, agus freagairtí a gcomhscoláirí a fheiceáil, ar an bhfotha gníomhaíochta agus leagtha anuas go díreach ar na doiciméid.
Ina theannta sin, toisc gur cartlann uathoibríoch é fotha gniomhaíochta Ponder den obair go leir atá ar siúil ag scoláirí, is féidir leo i gcónaí cuardach sair a dhéanamh ann chun ceangail a dhéanamh ar fud an tseimeastair. Is féidir tagairt a dhéanamh láithreach do thaighde a dhéantar le linn plé ranga níos lú le húsáid i bpáipéar téarma, díospóireacht nó ag staidéar do scrúdú.
Síneann Ponder níos faide ná an léitheoireacht go dtí físeáin ar líne freisin, ag ligean micreafhreagraí a chruthú ag pointí feadh amlíne an fhíseáin, ag cruthú teasléaráide déine carnaí chun codanna d’fhíseán ar leith a aithint a b’fhéidir gur mhaith leis an rang athfhéachaint orthu le chéile. Tá John ag baint úsáide as feidhmiúlacht an fhíseáin chun a léachtaí físe féin le tabhairt abhaile; taifeadann sé a ghuth féin de réir mar a shiúlann sé trí roinnt sleamhnán mínitheach ar an scáileán. Toisc go mbreathnaíonn scoláirí ar na léachtaí seo sa bhaile, tá níos mó ama ranga ar fáil don phlé, agus tagann gach duine chuig an rang le tuairim faoi na príomhcheisteanna agus pointí spéise.
Cé go roinneann físeán Ponder an comhéadan micreafhreagra le Ponder don léitheoireacht, tá meicníochtaí breise aige freisin don nascleanúint ar fhíseán. Toisc nach féidir leat smacht a bheith agat ar an luas lena mbreathnaíonn tú ar fhíseán, murab ionann agus tú ag léamh téacs, tugann cnaipe Ponder ‘céard?’ deis don bhreathnóir léim ar ais 10 soicind chun píosa a fheiceáil arís, agus ligeann an cnaipe réalta duit leabharmharcanna a chruthú feadh amlíne an fhíseáin de réir mar a bhíonn tú ag féachaint air. I ndiaidh dóibh an chéad bhreathnú a dhéanamh, is féidir le scoláirí athbhreithniú a dhéanamh ar a leabharmharcanna agus ar leabharmharcanna a gcomhscoláirí, breathnú ar ais mar is gá, agus a micreafhreagraí agus ceisteanna a mhúnlú. Ní eispéireas éighníomhach é a thuilleadh féachaint ar fhíseán mar obair bhaile – is ‘garbhreathnú’ é mar ullmhúchán do phlé domhain an lá dar gcion.
Comments