Seintimintí a roghnú dod' ghrúpa

Is iad seintimintí atá i gcroílár an scafaill a úsáideann léitheoirí chun a dtuairimí a chur in iúl go tapa faoi smaineamh a aimsíonn siad i dtéacs nó físeán. Is luathscríbhinn áisiúil iad agus freisin cuidíonn said le leathnú a dhéanamh ar raon na smaointe criticiúla ar a ndéanann léitheoirí machnamh agus iad ag obair chun a smaointe a chur in iúl. 

Is féidir le gach rang a shraith féin de chaoga go seasca seintimint a bheith aige, iad grúpáilte i dtrí chineál: cinn a bhaineann le cognaíocht nó tuiscint, cinn a bhaineann le hanailís agus cinn a bhaineann níos mó le mothúcháin, agus iad dathchódaithe buí, glas agus bándearg faoi seach. 

Nuair a mheaitseáktar na seintimintí le leibhéal na léitheoirí sa ghrúpa cuidítear le cleachtadh ag baint úsáide as an stór focal atá ann cheana agus le leathnú ar stór focal na léitheoirí trí dheiseanna a thabhairt chun focail nua a thriail.

Is é an réamhshocrú atá i Ponder ná sraith atá in oiriúint do shuíomhanna oideachais réamhcholáiste nó iar-mheánscoile, agus cuirtear roinnt sraitheanna éagsúla ar fáil mar rogha sa Bhéarla agus i dteamgacha eile amhail Spáinnis, Fraincis, Arabais agus Gaeilge. 

Is féidir leat aistriú idir sraitheanna ag baint úsáide as an roghnóir seintiminte trí "Socruithe" a roghnú ar dheis ar barr an fhotha gníomhaíochta, agus ansin an grúpa ba mhaith leat a athrú a roghnú ar an dtaobh chlé den phainéal socruithe.

Seo an dealramh atá ar an roghnóir:

Tá trí phríomhfhoirmliú ag gach seintimint:

  1. Leagan gearr, neamhfhoirmiúil, béarlagair
  2. Leagan níos gaire don chaint sa chéad agus sa dara pearsa
  3. Leagan níos foirmiúla atá oiriúnach d'obair scoile scríofa sa tríú pearsa agus sa tríú pearsa iolra.

Tá iarrachtaí aistriúcháin teangeolaíochta agus chultúrtha ar bun do roinnt teangacha; má tá suim agat i tuilleadh oiriúnaithe nó i do sheintimintí féin a chruthú, lean ort ag léamh.

 

Have more questions? Submit a request

Comments