Néalta Sonraí: An Fotha Gniomhaíochta a Scagadh de réir Topaice, Téama, Seintiminte nó Suímh

Is é fotha gníomhaíochta Ponder do ghrúpa an pointe tosaithe don fhiosrú faoi cad atá ar barr intinne i measc na léitheoirí go léir sa ghrúpa. 

Nuair atá do ghrúpa faoi lán seoil, áfach, beidh tú ag iarraidh bheith ábalta "zúmáil amach" agus a dhéanamh deimhin de nach bhfuil smaointe ag sleamhnú thart i ngan fhios, nó féachaint trí na micreafhreagraí go léir a bhfuil tréith choitianta acu.

Clúdaítear na scagairí "Is Déanaí" "Fada" "Liomsa" agus "★" in áiteanna eile, ach laistigh de cheann ar bith de na táib sin, is feidir leat ceithre thréith sa bhreis a scagadh freisin: Topaicí, Téamaí, Seintimintí agus Suíomhanna. Chun iad seo a rochtain, roghnaigh an iontráil "Topaicí" faoin táb buí Sonraí ag an taobh dheas ar barr an fhotha.

Nuair a roghnaíonn tú "Topaicí" sleamhnóidh an painéal néalta amach ón taobh dheas den den bhfotha gníomhaíochta, agus taispeánfar néalta focal do gach ceann de na ceithre threithe.

Do gach tréith, gineann Ponder néal focal bunaithe ar mhéid na gniomhaíochta léitheoireachta laistigh den mhír. Is iad na míreanna le líne fúthu na cinn atá léite agat laistigh, is iad na cinn ach bhfuil líne fúthu na cinn atá leite ag do chomhghleacaithe sa ghrúpa laistigh, ach nach bhfuil léite agatsa.

 

Cliceáil ar mhí néil, agus deanfar scagadh ar an bhfotha sa chaoi is nach dtaispeánfar ach na míreanna sin a mheitseálann an tréith sin. Amhail an cuardach, ligeann an roghnóir fráma ama duit tacar na dtorthaí a leathnú chun doiciméid níos sine a chur sn áireamh.

Le gach clic, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an fotha gníomhaíochtaí á leasú sa chúlra taobh thiar den phainéal. Chun filleadh ar an bhotha, cliceáil ar an saghad buí ar chlé ag barr an phainéil chun an painéal a shleamhnú siar amach as an mbealach. 

 

Gintear topaicí Ponder go huathoibríoch trí mheastóireacht ag próiseálaí teanga nádúrtha ar théacs na ndoiciméad atá á léamh ag an ngrúpa. Ciallaíonn sé sin go mb'fheidir nach luafaidh doiciméad leis an topaic "Athchóiriú Oideachais" mar atá thuas an frása "Athchóiriú Oideachais" go follasach, toisc nach ach cuardach an téacs amháin atá sé. an chaoin ina n-oibríonn ár gcuardach. Tá sé beagán níos cliste ná sin.

Léiriú is ea an néal téamaí ar an gcaoi ina mbíonn micreafhreagraí tagáilte go minic go follasach leis na téamaí atá cumraithe don rang

Léiriú is ea an néal seintimintí ar a mhinice agus a chruthaítear micreafhreagraí ag baint úsáide as na seintimintí atá cumraithe don rang.

Léiriú is ea an néal suíomhanna de dháileadh ghníomhaíocht léitheoireachta ghrúpa ar fud na bhfoinsí atá cumraithe ar liosta léitheoireachta an ghrúpa.

Is feidir na néalta seo go léir a úsáid chun an fotha gniomhaíochta a scagadh trí chliceáil ar na focail. B'fheidir nach dtaispeánfaidh na cliceanna go léir cnapóga sa fotha gníomhaíochta, toisc nach raibh micrea-fhreagraí cruthaithe ar na doiciméid go léir.

Have more questions? Submit a request

Comments