Sa chúinne uachtarach ar dheis den suíomh Ponder, cliceáil ar "Socruithe".
Sna socruithe do gach ceann de do ranganna, feicfidh tú cnaipe ar a a dtugtar "Cuireadh".
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe, tabharfar dhá rogha duit ar roghchlár anuas: "Leitheoirí" nó "Comh-Riarthóirí". Níl rochtain ag léitheoirí ar na huirlisí riaracháin do rang - de ghnáth seo é an cuireadh is mian leat a úsáid dod' scoláirí. Bionn na rialuithe céanna ag comh-riarthóirí ar an rang agus a bhíonn agatsa - de ghnath bhaintí úsáid as an gcuireadh seo do chomh-mhúinteoirí ar do rang.
Nuair a dhéanann tú do rogha, feicfidh tú r-phost samplach le nasc clárúcháin atá uathúil dod' rang. Aon duine a thugann cuairt ar an nasc, tabharfar nod dóibh clárú do Ponder, agus nuair a dhéanann siad é sin déanfar iad a nascadh go huathoibríoch le do rang mar léitheoir nó mar chomh-riarthóir. Mura bhfuil na seoltaí r-phoist go léir agat de na daoine gur mhaith leat cuireadh a thabhairt dóibh, nó ar chúis éigin eile agat nach feidir leat r-phost a sheoladh go díreach chucu, cuir nasc in airde ar do shuíomh gréasáin, nó cruthaigh nasc bitly le scríobh ar an mbord i do rang. Cuimhnigh go bhfuil Ponder ceaptha le húsáideoirí le bheith i ngrúpaí éagsúla.
Is feidir le scolairí cuntais Google atá acu cheana chun logáil isteach agus clárú le Ponder freisin.
Is féidir linn freisin cuntais a chruthú roimh é dod' scoláirí ma tá sé sin níos éasca duitse.
Comments