Taispeánfaidh an físeán gearr seo duit conas téamaí a chumrú dod' rang:
Nuair a bhunaíonn tú rang, is feidir leat Téamaí saincheaptha a chur leis. Cliceáil ar an gcnaipe socruithe ar dheis ag barr an tsuímh.
Ansin cliceáil ar an táb Téamaí ag barr an phainéil chumraithe.
Is iad téamaí "smaoine móra" do ranga - na coincheapa ba mhaith leat go mbeadh do scoláirí ag smaoineamh orthu ar feadh na bliana uile. Is feidir le téamaí cuidiú le scoláirí naisc a dhéanamh le hidirphlé ranga sa mheid a léann siad.
Iarrann an chéad líne ort teideal a chur isteach. Ba chóir go mbeadh an teideal ina fhocal a dhéanann catagóiriú ar na Téamaí faoi.
Is féidir leat suas le ceithre chatagóir de Théamaí a chur leis, agus suas le hocht i ngach catagóir. Ní gá duit gach ró a líonadh isteach. Má tá rud éigin "liata amach", ní bheidh sé cláraithe mar Théama.
Ligeann an cnaipe buí os cionn gach sraith duit gach sraith a thaispeáint/fholú sa bhosca marcála (thíos) sa chaoi is nach gá iad ar fad a bheith infheicthe ag aon am amháin mura mian leat.
Nuair atá siad críochnaithe agus sábháilte agat, taispeánfar na Téamaí seo sa bhosca marcála dod' rang.
Tá roinnt téamaí samplacha le feiceáil ar an bpríomh-shuíomh.
Is feidir freagraí a cruthaíoch agus a marcáladh le téamaí a scagadh leis na scamaill sonraí don rang.
Comments