Tugann an t-alt seo cur síos ar conas is féidir le riarthóir ghrúpa an liosta leitheoireachta a chumrú dá ghrúpa (dá grúpa). Tá alt ar leith ann faoi na socruithe dod' liosta léitheoreachta a leasú mar leitheoir/scoláire.
Tá físeán gearr faoin liosta léitheoireachta a chumrú anseo:
Bunaithe ar mholtaí ó úsáideoirí Ponder le blianta anuas, is éard atá sa liosta léitheoireachta ná sraith d'acmhainní a bhí úsáideach do léitheoirí eile, grúpáilte de réir réimsí topaicí ardleibhéil.
Trí chliceáil ar na boscaí glasa ar an taobh chlé d'acmhainn aonair nó de ghrúpa, is féidir leat ceann ar bith de na míreanna a dhíchumasú nó a athchumasú.
Bedih acmhainní ar bith atá cumasaithe (glas) do ghrúpa ar leith infheicthe do na baill go léir sa ghrúpa ina liosta léitheoireachta.
(Is feidir leat aon fhearann nó URL eile ba mhaith leat a úsáid a chur leis, ag baint úsáide as an bPaicéad Cúrsa.)
Nuair a chuirtear acmhainní ar an liosta leitheoireachta nó ar an bpaicéad cúrsa, ní hamháin go gcuirtear liosta foinsí nasctha áisiúil ar fáil, ach cuidítear le léirshamhluithe plé Ponder do na hcmhainní sin.
Cé gur feidir le húsáideoirí Ponder micrea-fhreagraí a chruthú ar aon doiciméad is féidir leo brabhsáil chuige, ní bheidh leirshamhluithe a bhfreagraí infheicthe dá gcomhghleacaithe sa ghrúpa ach ar na doiciméid sin atá ar an liosta léitheoireachta.
Ina theannta sin, ní dhéanfar gníomhaíocht léitheoireachta (ar fáil ar an dais teagascóra) a thomhas ach ar dhoiciméid atá ar an liosta leitheoireachta agus cumasaithe ar an liosta léitheoireachta comhfhreagrach atá ag úsáideoir ar leith. (Tuilleadh faoi conas is féidir le húsáideoirí bainistiú a dhéanamh ar an léitheoireacht a chomhroinneann said lena ngrúpaí.)
Mar sin, sa chaoi is go mbeidh na sonraí sa Dais Teagascóra lánbhrím ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar na suíomhanna agus doiciméid ba mhaith a bheith ag léamh orthu go rialta.
Comments