Chun tosú ag baint úsáide as Ponder le do rang nó grúpa cairde, ní mór duit grúpa Ponder a chruthú agus é a shábhail trí chuntas riarthóra Ponder a chruthú. (Má tá cuntas agat cheana féin, lean na treoracha chun rang nua a chumrú.)
Má tá Cuntas Google agat cheana, lean na céimeanna seo; de rogha air sin, lean na céimeanna anseo thíos.
Ar an gcéad dul síos, cruthaigh grúpa Ponder.
Téigh chuig https://ponder.co. Ar an taobh dheis ar barr, feicfidh tú an fhoirm "Bain triail as!":
Cliceáil sa réimse téacs a deir "Rang Nua" agus tabhair ainm dod' rang. De rogha air sin, cuir ainm do scoile nó d'eagraíochta isteach agus pioc réimse ábhair ardleibhéil ón liosta nó cuir ceann nua isteach sa bhosca téacs.
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe le cur isteach, seolfar cuig painéal na socruithe grúpa, agus is féidir leat an chaoi ina n-oibríonn an grúpa a chumrú.
Ansin, sábháil an grúpa seo trí chuntas riarthóra Ponder a chruthú.
Ar bun ar dheis ar phainéal na socruithe, cliceáil ar "Sign up to Save"
Gheobhaidh tú nod le seoladh r-phoist a sholáthar agus ainm úsáideora agus pasfhocal a sholáthar.
Ní féidir le hainmneacha úsáideora ach litreacha, uimhreacha, nó na comhaarthaí ._+- agus @ a bheith iontu. Níl cead spás ar bith a bheith iontu! Nuair atá cuntas cruthaithe agat beidh tú ábalta do chéadainm agus do shloinne a chur le do phróifíl.
Nuair a chruthaíonn tú do chuntas, sábhálfar an rang seo, le do chuntas nua mar phríomhriarthóir.
Tá tú críochnaithe! Nuair a dhúnann tú painéal na socruithe, tabharfar nod duit forlíontán brabhsálaí Ponder a shuiteáil sa chaoi is gur féidir leat do chéad mhicreafhreagra a chruthú!
B'fhéidir go mbeidh fonn ort an cheist seo a chur: "Conas is féidir liom cáipéis a 'uaslódáil' chuig mo rang?"
Nuair atá tú réidh chun tosú ag pleanáil do chur i bhfeidhm níos casta de Ponder, léim chuig ár bhforléargas chun tuilleadh a fhoghlaim.
Comments