Sea, oibríonn Ponder le comhaid PDF! Má thugann tú cuairt ar chomhad PDF i do bhrabhsálaí le Ponder suiteáilte, áit ar bith ar an idirlíon, déafar é a thiontú go dofheicthe sa chaoi is gur féidir leat freagraí a chruthú air díreach cosúil le leathanach gréasáin ar bith eile. Oibreoidh le comhaid scanta PDF, fi, ar an gcoinníoll go bhfuil siad tiontaithe go téacs. (Tuilleadh eolais ó Adobe maidir leis an ngné sin de chomhaid PDF a úsáid.)
Má tá comhaid PDF ar leith is mian leat a úsáid dod' rang, beidh ort iad a chur ar fáil áit éigin atá inrochtana le brabhsálaí. Mar shampla, ar Chóras Bainistíochta Foghlama do scoile nó suíomh gréasáin ranga eile. Mura bhfuil áit agat cheana ar líne chun doiciméid a chomhroinnt le do scoláirí, is feidir leat cuntais atá saor in aisce a chruthú chun e sin a dhéanamh le Google Drive nó Dropbox.
Tugann na hailt seo treoracha céim ar chéim chun comhaid PDF a chomhroinnt le gach ceann díobh:
Nuair a bheidh tú ábalta brabhsáil chuig na comhaid PDF, beidh tú ag iarraidh naisc a chur leo sa Phaicéad Cúrsa Ponder dod' ghrúpa.
Comments