Ponder a Úsáid le Grúpaí nó Ranganna Iolracha

Go minic múineann teagascóirí ranganna iolracha comhuaineacha, bíonn scoláirí i ranganna comhuaineacha iolracha beagnach i gcónaí agus go minic oibríonn cairde agus comhghleacaithe i ngrúpaí beaga iolracha.

Mar sin, conas a thacaíonn Ponder leis na cásanna sin?

Ar ndóigh, is feidir le húsáideooirí grúpaí breise a chruthú agus cuireadh a thabhairt d'úsáideoirí eile teacht isteach iontu. (Ní gá d'úsáideoir a bhfuil cuntas Ponder acu ceann nua a chruthú; nasctar an grúpa nua leis an gcuntas atá acu cheana.)

Nuair is ball nó riarthóir é/í de ghrúpaí iolracha, ceadóidh an dá phríomh-chomhéadan atá ag Ponder don úsáideoir idirghníomhú le ceann ar bith de na grúpaí sin nó leo go léir.

Tá roghnóir grúpaí ag an bhfotha gníomhaíochta a ligeann don úsáideoir aistriú idir fothaí gníomhaíochta do gach ceann de na grúpaí a bhfuil said nasctha leo (lena n-áirítear grúpaí cartlannaithe) agus leis an bhfotha poiblí

Agus freagraí á gcruthú ar dhoiciméad nó físeán mar bhall de níos mó ná grúpa amhain, taispeánfaidh comhéadan an bhosca freagra táb do gach grúpa.

Léiríonn táib ghlasa grúpaí a gcomhroinnfear do fhreagra leo; go minic aithneoidh do thaighde smaointe atá ábhartha do ghrúpaí iolracha, mar sin is feidir leat comhroinnt go héasca leo uile.

Má léimeann tú chuig an bpainéal téama léireofar go bhfuil sraitheanna téamaí éagsúla do gach ceann de na grúpaí a bhfuil tú i do bhall díobh, de réir chumrú téamaí na riarthóirí do gach grúpa.

 

 

Have more questions? Submit a request

Comments