Conas is féidir liom micreafhreagra léitheoireachta a dhéanamh ar alt le Ponder?

1) Nuair atá tú cláraithe agus nuair atá an forlíontán Ponder suiteáilte agat ar do bhrabhsálaí, is féidir leat freagairt d'alt ar bith ar an ngréasán, agus ar an gcaoi sin cur le fotha gníomhaíochta an ranga. Cuimhnigh, ag an bpointe seo, nach bhfuil aon forlíontán Ponder ar fáil ach do na brabhsálaithe Chrome agus Firefox nó trí úsáid a bhaint as ár n-aip iOS. Nuair a chruthaíonn tú micreafhreagra léitheoireachta seolfar é chuig an bhfotha gníomhaíochta ramga in éineacht le nasc chuig an alt. (Tuilleadh eolais faoi mhicrea-fhreagraí físeáin.)

Chun é a shuiteáil, logáil isteach chuig Ponder i Firefox nó Chrome agus tabharfar nod duit é a shuiteáil leis an dialóg seo a leanas:

Agus é suiteáilte, taispeánfar an síneadh Ponder i do bhrabhsálaí mar seo a leanas:

 

     firefox-button.png 

chrome-button.png

   

 

 

 

2) Déan nascleanuint chuig alt agus roghnaigh nó aibhsigh an téacs gur mhaith leat freagairt dó aguc cliceáil an purple24.png a phreabann aníos.

Agus an síneadh brabhsálaí suiteáilte, nuair a aibhsíonn tú téacs i do bhrabhsálaí, taispeánfar cnaipe freagra Ponder in aice leis an téacs aibhsithe/roghnaithe mar seo:

 

(7 gcarachtar ar a laghad, 500 carachtar ar a mhéid)

 3) Ansin cliceáil ar an gcnaipe chun an bosca freagratha a oscailt. Taispeánfar openQuote.pngcomharthaí athfhriotail corcra PondercloseQuote.png mórthimpeall ar an téacs a roghnaigh tú:

 

 

4) Roghnaigh seintimint atá ag teacht leis an rud a theastaionn uait a rá. Is féidir leis na dathanna éagsúla seintiminte cuidiú chun treoir a thabhairt duit.

  

5) Má theastaíonn uait do smaoineamh a shoiléiriú agus an tseintimint a shíneadh, cliceáil ar dheilbhí an phinn luaidhe () chun mionsaothrú gairid téacs a chur leis

 

 6) Cliceáil ar an tab Téamaí chun téamaí a chur le do fhreagra. 

 

7) Nuair atá do fhreagra réidh, cliceáil ar an gcnaipe iontrála chun é a chomhroinnt leis an gcuid eile de do ghrúpa.

Comhghairdeas! Tá micreafhreagra cruthaithe agat. Seolfar é chuig fotha gníomhaíochta do ranga (nó do ranganna) go luath.

 

8) Má tá an t-alt ar shuiomh atá ar an liosta léitheoireachta nó atá liostaithe ar an bpaicéad cúrsa, nuair a thugann tusa nó duine eile i do rang athchuairt ar an leathanach le Ponder suiteáilte sa bhrabhsálaí, feicfidh tú na freagraí foliinithe le ticmharcanna ar an taobh dheis den leathanach chun cuidiú leat nascleanúint chuig freagraí.

Is feidir leat cliceáil ar na freagraí folínithe chun do fhreagra féin a athrú nó a nuashonrú, nó chun freagairt do fhreagra dhuine eile. Tá dathchódú na dticmharcanna agus an fholínithe ag teacht leis an dathchódú ar na cineálacha seintiminte.

 

sentiment-color-coding-anon.png

 

Ba chóir go n-oibreodh aibhsiú téacs agus cruthú freagra léitheoireachta ar gach leathanach i do bhrabhsálaí, a bheag nó a mhór, comhaid PDF san aireamh. Eisceacht ar an riail sin is ea suíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu le https nó ssl, atá díchumasaithe trí réamhshocrú i Ponder (ach amháin más rud é go bhfuil said curtha ar an liosta léitheoireachta ag an múinteoir dod' rang.) Tá liosta fada ann freisin de shuíomhanna gréasáin, amhail bainc, a gcuirfimid cosc go sainiuil ar Ponder a úsáid orthu, toisc nach mbíonn eolas acu a bhíonn ábhartha don phlé, de ghnáth, agus b'fhéidir go mbeidh eolas íogaireach orthu nár mhaith linn go gcomhroinfeadh daoine iad trí thimpiste lena bpáirtithe ranga.

Have more questions? Submit a request

Comments